Scipeáil chuig ábhar

1914: Teacht i dTír na nGunnaí i mBinn Éadair

Cór Rothair d'Óglaigh na hÉireann ag máirseáil ó Bhinn Éadair lena raidhfilí, 26 Iúil 1914.

Bailíonn criú an Ascair airm Ghearmánacha agus tugann i dtír iad d'fhórsaí náisiúnacha na hÉireann ar 26 Iúil.

Le Teacht i dTír na nGunnaí i Latharna agus le Ceannairc an Churraigh cuireadh ina luí ar na hóglaigh náisiúnacha go mbeadh gá le hairm a bheith acu chun cúis an Rialtais Dhúchais a chosaint. Ach, i gcomparáid le hÓglaigh Uladh, ní raibh mórán airgid ag Óglaigh na hÉireann agus bhí i bhfad níos lú ball acu a raibh taithí míleata acu.

ID’ainneoin é seo bhí coiste curtha le chéile i Londain ag grúpa tacadóirí Briotanacha agus Angla-Éireannacha don Rialtas Dúchais a bhí saibhir chun airgead a thiomsú le hairm a cheannach. Is é seo an grúpa a dhéanfadh an phleanáil do theacht i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair, agus b'iad seo a leanas na príomhbhaill: Sir Roger Casement, Erskine Childers, Mary Spring Rice, Darrell Figgis, Mary Childers agus Alice Stopford Green.

Ullmhúcháin       

Ar an 28 Bealtaine 1914 thaistil Figgis agus Childers go Hamburg chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le hairm a cheannach ón déileálaí Moritz Magnus Óg. D’éirigh leo 1,500 raidhfil den mhúnla Mauser 1871 a cheannach agus 49,000 urchar. Ba raidhfilí aonurchair iad a ghníomhaigh le boltaí, nach raibh chomh maith leis na cinn a thóg na hAontachtaithe i dtír i Latharna ach bhíothas in ann iad a úsáid agus bhíothas in ann urchar uaschalabra a scaoileadh. Chun iad a iompar do hÉirinn cuireadh plean le chéile ina seolfadh Erskine Childers an tAscar go dtí béal na hAbhann Scheldt chun bualadh le tuga Gearmánach an Gladiator. Thógfadh sé cuid de na hairm agus thógfadh ball eile den choiste, Conor O’Brien, an chuid eile ar an luamh níos lú a bhí aige, an Kelpie.

An tAistear

Thosaigh an tAscar amach ó Conwy i dtuaisceart na Breataine Bige ar an 3ú Iúil. Ar bord bhí Erskine agus Molly Childers, Mary Spring Rice, Gordon Shephard, agus beirt iascairí ó Oileán Ghabhla i gContae Dhún na nGall, Patrick McGinley agus Charles Duggan. Choimeád Mary Spring Rice dialann inar chuir sí síos go mion ar an turas.

Níor tharla dada as bealach ar an turas ó dheas síos cósta na Breataine Bige agus timpeall Land’s End, cé go raibh orthu dul i ngleic leis an ngaoth aniar aneas a bhíodh ann go hiondúil i Muir Éireann. Agus iad timpeall Land’s End d’éirigh leo dul níos tapúla agus iad ag taisteal suas an Mhuir nIocht. Ar an 8 Iúil d’imigh siad isteach in Cowes chun bualadh leis an Kelpie agus chun deisiúcháin a dhéanamh. D’fhág an dá árthach Cowes ar an 10 Iúilth, agus d’éirigh leo bualadh leis an Gladiator um thráthnóna ar an 12 Iúilth.

Bhí an turas fillte i bhfad níos deacra agus níos míchompordaí ná mar a bhí an turas amach. Thóg na raidhfilí suas an chuid is mó den spás sa chábán agus bhí sé i bhfad níos míchompordaí san áit chodalta. Shroich siad Milford Haven ar an 19 Iúilth áit ar fhág Gordon Shephard le haghaidh Londan.

Ag an am céanna is a bhí an turas ó Milford Haven go dtí Binn Éadair bhí ceann de na stoirmeacha ba mheasa ann a bhuail an ceantar leis na blianta. Tar éis imeacht siar le sruth le linn oíche an 20ú láth, d’éirigh leo seoladh go Holyhead áit ar dheisigh siad an damáiste ar na seolta. D’fhan an long in Holyhead ar feadh dhá lá fad is a d’fhan siad go dtí gur chiúnaigh an ghaoth aniar síos.

Ar an 24ú lá d’fhág an t-árthach le dul go Binn Éadair agus cé go raibh coinníollacha dúshlánacha ann chonaic siad cósta na hÉireann an lá dár gcionn. Faoin maidin den 26ú lá bhí an t-árthach ó thuaidh de chalafort Bhinn Éadair ag fanacht ar mhótarbhád a bhí le bualadh leo agus iad a threorú isteach sa chalafort.

Tar éis fanacht go himníoch níor tháinig an Mótarbhád agus chinn Erskine dul isteach sa chalafort ar aon nós ag súil go mbeadh na hóglaigh ann chun an lastas a dhílódáil. Mar fhaoiseamh don chriú bhí na hóglaigh ansin ar feadh na cé nuair a tháinig siad ina treo agus d’éirigh leo na hairm a dhílódáil. 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions