Scipeáil chuig ábhar

1912-1914: Éire, an tAscar agus Géarchéim an Rialtais Dhúchais

Ina bhlianta tosaigh, agus Géarchéim an Rialtais Dhúchais ag forbairt in Éirinn, bhain Erskine and Molly úsáid as an Ascair mar luamh cúrsála.

Sa bhliain 1912 bhí Éire i lár clampair pholaitiúil. Bhí díospóireacht ar siúl arís in Westminster maidir le bille chun Rialtas Dúchais a bhronnadh ar an tír. Dhá uair roimhe seo sa bhliain 1886 agus sa bhliain 1893 níor éirigh leis an mBille Rialtais Dhúchais fáil tríd an dá theach parlaiminte. Sa bhliain 1886 theip ar an mBille fáil trí Theach na dTeachtaí. D’éirigh le Bille 1893 fáil trí Theach na dTeachtaí ach theip air go cinntitheach fáil trí Theach na dTiarnaí. Ag an bpointe seo bhí an ceart ag Teach na dTiarnaí chun aon acht parlaiminte a chrosadh ar feadh tréimhse éiginnte, agus mar gheall air seo agus toisc go raibh Teach na dTiarnaí faoi smacht ag an bPáirtí Coimeádach ba chosúil  nach rithfí an Rialtas Dúchais riamh.

An tAcht Parlaiminte 1911

Ach sa bhliain 1909 tharla géarchéim agus mar thoradh air seo bhí Teach na dTiarnaí teoranta. Sa bhliain sin rinne na Tiarnaí iarracht bac a chur ar an mbuiséad le bheith ceadaithe. Ba léiriú gur sárú a bhí anseo i ról traidisiúnta na dTiarnaí, agus mar thoradh air seo ghlac an rialtas céimeanna lena dheimhniú go raibh Teach na dTiarnaí faoi smacht ag Teach na dTeachtaí. Chun é seo a dhéanamh bhí tacaíocht Pháirtí Rialtais Dhúchais Sheáin Réamann ag teastáil uathu, a bhí an-sásta é seo a dhéanamh ionas go mbeadh níos lú cumhachtaí ag Teach na dTiarnaí. San Acht Parlaiminte 1911 i measc rudaí eile bhí coinníoll ann nach mbeadh na Tiarnaí in ann bac a chur ar Bhillí ach ar feadh tréimhse 2 bhliana. Leis seo d’fhéadfadh Rialtas Dúchais a bheith ann go fírinneach. I mí Aibreáin 1912 cuireadh an Bille Rialtais Dhúchais faoi bhráid na parlaiminte. Rith Teach na dTeachtaí é, ach dhiúltaigh na Tiarnaí é. Dhéanfaí é seo arís faoi dhó i rith an chéad dá bhliain eile, ach nuair nár glacadh leis an tríú huair d’fhéadfadh an rialtas úsáid a bhaint as forálacha an Acht Pharlaiminte chun dul thar Teach na dTiarnaí agus an Bille a chur le bheith daingnithe ag an Rí. Ach faoin mbliain 1914, bhí na fórsaí a bhí i gcoinne an Rialtas Dúchais a bheith bronnta tar éis teacht le chéile agus chruthaigh sé seo fadhb ollmhór don rialtas.

An tAontachas agus Óglaigh Uladh

Don chuid Aontachtach den daonra, dá mbronnfaí an Rialtas Dúchais ní chuirfí fáilte roimhe. Dá mbrisfí an nasc leis an mBreatain chonacthas go mbeadh sé mar bhagairt ar shaoirse reiligiúnach an daonra Phrotastúnaigh, agus ar rathúnas eacnamaíoch oirthuaisceart na tíre a bhí faoi smacht ag na Protastúnaigh. Bhí círéibeacha agus gníomhartha agóide ann le linn na mBillí Rialtais Dhúchais roimhe seo, ach nuair ba chosúil go mbronnfaí An Rialtas Dúchais in 1914, pleanáladh frithbheartaíocht níos eagraithe agus níos praiticiúla.

I mí Mheán Fómhair 1912 shínigh níos mó ná 200,000 fear Cúnant Uladh ag gealladh go dtroidfidís i gcoinne cur i bhfeidhm an Rialtais Dhúchais in Éirinn. I bpobail Aontachtacha ar fud Thuaisceart Éireann thosaigh grúpaí beaga mílíste ag druileáil, agus i mí Eanáir 1913 bunaíodh Óglaigh Uladh go foirmiúil. The Bhí Óglaigh Uladh mar bhac ollmhór don Rialtas liobrálach ina gcuid iarrachtaí leis an Rialtas Dúchais a thabhairt isteach in Éirinn, bhí tacaíocht iomlán Pháirtí Coimeádach na Breataine acu chomh maith le líon mór leasanna gnó saibhre in Éirinn. Agus líon mór pearsanra iarairm chun cabhrú leo ina gcuid eagrúcháin, lean an UVF ag druileáil le linn an tsamhraidh sa bhliain 1913 agus  d’ardaigh an cheannasaíocht airgead agus rinneadh iarracht airm a allmhairiú don ghluaiseacht.    

Óglaigh na hÉireann

Agus Óglaigh Uladh ag druileáil, d’éirigh cuid mhór náisiúnach sa deisceart buartha go mbeadh bagairt ar an Rialtas Dúchais a bhronnadh. Bhí nós in Éirinn maidir le náisiúnachas foréigneach le fada an lá a léiríodh in 1912 le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, ach bhí sé seo faoi rún agus imeallaithe ó tháinig gluaiseacht an Rialtais Dhúchais chun cinn. Nuair a chonacthas don dream sa champa náisiúnach a bhí níos ciallmhaire go raibh gá le fórsa airm chun na leasanna náisiúnacha a chosaint bhí na náisiúnaigh a bhí níos antoisí ag iarraidh a bheith rannpháirteach ós rud é go bhféadfadh deis a bheith ann dóibh a gcuid cuspóirí a chur chun cinn. Bhain na nósanna parlaiminte agus míleata den náisiúnachas an-tairbhe as fás na n-eagraíochtaí cultúrtha Gaeilge le linn na mblianta roimh an tríú Bille Rialtais Dhúchais a thabhairt isteach. Bhí daoine éagsúla ar éirigh leo bheith bainteach le cúrsaí polaitíochta trí na heagraíochtaí seo, go háirithe Eoin Mac Néill agus Pádraig Mac Piarais. Tháinig na grúpaí éagsúla le chéile ar an 25 Samhain 1913 chun Óglaigh na hÉireann a bhunú go foirmiúil agus bhí Mac Néill mar an rúdaí oinigh. An aidhm shonraithe a bhí acu ná ‘na cearta agus saoirse a bhí comónta do mhuintir uile na hÉireann a dhaingniú agus a choinneáil’. Tharraing an eagraíocht líon mór isteach le linn na míonna ina dhiaidh sin agus thosaigh siad ag druileáil. Bhí bunú na n-óglach mar ábhar amhrais do Sheán Réamann agus do bhaill den Pháirtí Rialtais Dhúchais. In ainneoin é seo, bhí líon mór ball den Rialtas Dúchais a bhí rannpháirteach.

Ceannairc an Churraigh

Nuair a thosaigh 1914, bhí teannas uafásach ann. Mar gheall ar an mbagairt foréigin a bhí ann nuair a tháinig an Bille Rialtais Dhúchais i bhfeidhm spreagadh rialtas na Breataine féachaint ar úsáid a bhaint as an arm chun Óglaigh Uladh a chur faoi chois. Ach mar gheall air seo thosaigh na hoifigigh a bhí i mbun na dtrúpaí in Éirinn ag déanamh agóidí tromchúiseacha. Ba é an t-arm an bábhún traidisiúnta den Choimeádachas laistigh den stát agus dá bhrí sin bhí na tuairimí céanna acu is a bhí ag na hAontachtaithe maidir le ceist an Rialtais Dhúchais. Chomh maith leis sin tháing cuid mhór de na hoifigigh ó theaghlaigh dílseoirí Angla-Éireannacha. Dá dheasca sin i mí an Mhárta 1914 nuair a cuireadh in iúl do na hoifigigh faoin bplean maidir le bogadh ó thuaidh agus gníomhú i gcoinne Óglaigh Uladh d’éirigh an chuid is mó díobh as seachas géilleadh d’orduithe an Rialtais. Tugadh Ceannairc an Churraigh ar an eachtra seo, cé nach raibh aon easumhlaíocht i gceist, ach nuair a d’éirigh na hoifigigh as spreagadh an rialtas fáil réidh le pleananna chun úsáid a bhaint as an Arm le dul i gcoinne Óglaigh Uladh.                                     

Tabhairt i dTír na nGunnaí i Latharna

Leis an eachtra seo spreagadh muinín in Óglaigh Uladh a ghluais ar aghaidh agus a chreid nach rachadh an t-arm ina gcoinne. Tugadh an tasc do Mhaor Frederick Crawford, ball de Chomhairle Aontachtaithe Uladh agus taithí leathan míleata aige, le loingsiú arm a eagrú do na hÓglaigh. Trí dhéileálaí arm in Hamburg cheannaigh sé 24,000 raidhfil agus 3 mhilliún urchar agus shocraigh sé go ndéanfaí iad a sheoladh chuig Tuaisceart Éireann. Tháinig na hairm i dtír i Latharna, Beannchar agus Domhnach Daoi ar an oíche den 24th/25th Aibreán 1914 agus tiománadh iad go mear i bhflít carranna a tháinig le chéile. Cé go raibh na húdaráis ar an eolas faoin bplean níor ghníomhaigh siad i gcoinne na ngníomhaíochtaí seo. Leis an eachtra seo agus an t-eachtra Churraigh a tharla an mhí roimhe cuireadh ina luí d’Óglaigh na hÉireann go raibh gá le hairm a bheith acu.  


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions