Is éard atá sa bhailiúchán seo ná criadóireacht a bailíodh ar dtús chun spreagadh a thabhairt do thionscail chriadóireachta áitiúla agus chun éabhlóid na mínchriadóireachta a léiriú.
I measc na samplaí tá poirceallán de Mhór-roinn na hEorpa agus den Bhreatain, Maiolica den Iodáil, faience den Fhrainc, earraí deilfe den Ollainn, agus earraí Easpáinneacha-Múracha. Tá earraí deilfe Éireannacha, earraí Bhéal Leice (Belleek) agus Charraig Uí Laighin (Carrigaline), sna bailiúcháin chomh maith, mar aon le bailiúchán beag de shaothair chomhaimseartha ardchaighdeáin Éireannacha/a bhfuil baint acu le hÉirinn.