I measc príomhintleachtaigh na hÉireann a bhí i dteagmháil le Albert Bender bhí Walter Starkie ó Amharclann na Mainistreach agus ó Choláiste na Tríonóide, na scríbhneoirí Oliver St. John Gogarty, George Russell (a d’úsáid an t-ainm cleite Æ), Ella Young agus Kathleen O’Brennan, chomh maith le teaghlagh iomlán Yeats – William, Jack, Lily agus Elizabeth.
Ach is i litreacha Kathleen O’Brennan agus Ella Young atá na léargais is mó le fáil maidir leis na cúiseanna a bhronn sé an ealaín den Áise ar Ard-Mhúsaem na hÉireann.
An dúil a bhí aige i leabhair a bhailiú
D’fhás an caidreamh a bhí aige le cuid de phríomhscríbhneoirí na hÉireann ar dtús mar gheall ar an dúil a bhí aige i leabhair a bhailiú. Mar thoradh ar na teagmhálaithe seo bhí Albert Bender coinnithe go maith ar an eolas faoi na forbairtí comhaimseartha in Éirinn, ar nós an Cogadh Cathartha agus an Stát neamhspleách ina dhiaidh, agus thug na forbairtí seo spreagadh dó lena smaoineamh chun tabhartais a bhronnadh ar an tír inar rugadh é.
Bender agus Albert Russell
Bhí Albert Bender i dteagmháil le pearsana tábhachtacha áirithe d’Athbheochan Cheilteach na hÉireann (an athbheochan liteartha agus ealaíonta go luath san fhichiú haois). Duine amháin díobh ba ea an file, eagarthóir, drámadóir agus péintéir Georg Russell (Æ). Chaith Æ tréimhse áirithe i dteach Albert Bender i San Francisco nuair a bhí sé sna Stáit Aontaithe. Bhí Æ agus Walter Starkie ó Amharclann na Mainistreach lárnach le spreagadh na chéad tabhartais a bhronn Albert Bender ar Ard-Mhúsaem na hÉireann.
Bender agus Jack B. Yeats
Scríobh Albert Bender litreacha chuig an ealaíontóir Jack B. Yeats freisin agus fuair sé litreacha uaidh. Murabh ionann is an caidreamh a bhí aige le Æ, níor bhuail Bender agus Yeats lena chéile riamh, ach bhí siad i dteagmháil lena chéile ó 1934. I mí Lúnasa na bliana sin thug Jack Yeats ceann amháin dá leabhair sceitseála ón gcéad chuairt a thug sé ar na hOileáin Árann in 1899.
Tá leabhar sceitseála suntasach i bhforbairt an ealaíontóra maidir lena léaráidí comhaimseartha agus an obair a rinne sé níos déanaí d’ailt le J.M. Synge in 1905 donManchester Guardianar an saol in Iarthar na hÉireann.
Íoslódaigh alt speisialta faoin leabhar sceitseála, afoilsíodh ar dtús san Irish Arts Review:
Yeats and Bender: A Time of Gifts (0.44 MB, Adobe PDF)
Tá comhfhreagras Bender le healaíontóirí na hÉireann léirithe i smeachleabhar i bpríomhghailearaí an taispeántais Albert Bender exhibition.