Scipeáil chuig ábhar

Beartas um nochtadh cosanta

Réamhrá

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann (“NMI”) tiomanta do thimpeallacht chuí a chothú chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le héagóir a d’fhéadfadh tarlú san ionad oibre agus chun an tacaíocht riachtanach a sholáthar do bhaill foirne a ardaíonn fíor-imní.  Leis an Acht um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022 (an “Acht”), féadfaidh oibrithe ábhar imní a ardú agus faisnéis a nochtadh maidir le héagóir a d’fhéadfadh teacht ar a n-aire san ionad oibre trína chinntiú go bhfuil cosaintí ann i gcás go mbainfí díoltas amach ina gcoinne.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, chun leas a bhaint as cosaintí an Achta, go gcaithfear nochtadh a dhéanamh de réir na bhforálacha a leagtar amach leis an Acht.  Déantar foráil san Acht do phróiseas nochta ‘céimnithe’ i gcás ina bhfuil roinnt bealaí ar leith (inmheánach, rialála agus seachtrach) ar fáil.

  1. Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann tiomanta do na caighdeáin is airde um chomhlíonadh maidir lenár gceanglas dlí.
  2. Féachtar lenár mbeartas sceithireachta oibrithe a spreagadh chun ábhair imní a ardú seachas dearmad a dhéanamh orthu agus a chur ar a gcumas é sin a dhéanamh.  Faoin mbeartas seo is féidir le hoibrí nochtadh a dhéanamh gan eagla a bheith air nó uirthi roimh phionósú nó roimh bhagairt go dtabharfaí cóir is lú fabhar dóibh.  Ba cheart d’aon duine a rinne nochtadh agus a mhothaíonn go bhfuiltear ag caitheamh go díobhálach leis nó léi, a cheist a thuairisciú láithreach don lucht bainistíochta.
  3. Beidh toradh measúnaithe a dhéanfaidh an lucht bainistíochta ar an ngearán faoi réir athbhreithniú ag duine nach raibh páirteach sa mheasúnú, imscrúdú nó cinneadh tosaigh.
  4. Is é is aidhm don bheartas seo éifeacht a thabhairt d’oibleagáidí agus d’fhorálacha an Achta agus ní ghlacann sé ionad aon cheanglais dhlíthiúla tuairiscithe nó nochta a eascraíonn faoi reachtaíocht eile.  I gcás ina bhfuil ceanglais nó nósanna imeachta tuairiscithe reachtúla ann, ní mór cloí go hiomlán leo sin.
  5. Ní ghabhann an beartas seo ionad Nósanna Imeachta Casaoidí Ard-Mhúsaem na hÉireann, go háirithe i gcás ina mbaineann an cheist le conradh fostaíochta oibrí aonair, ba cheart an cheist sin a tharchur faoi Nós Imeachta Casaoide Ard-Mhúsaem na hÉireann.
  6. Tá oibrithe i dteideal cúnamh a lorg óna gceardchumann maidir le nochtaí a dhéanamh agus féadfaidh a gceardchumann ionadaíocht a dhéanamh dóibh am ar bith.
  7. Rinneadh beartas Ard-Mhúsaem na hÉireann a phlé agus a chomhaontú lenár bhfostaithe agus lena gceardchumainn agus tacaíonn siad go hiomlán leis.
  8. Níl an beartas seo ina chuid de chonradh fostaíochta aon fhostaí agus féadfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann é a leasú am ar bith

Aidhmeanna agus raod feidhme an bheartais seo

Is é is aidhm do bheartas seo:
  1. oibrithe a spreagadh le bheith muiníneach as imní a ardú faoi éagóracha ábhartha;
  2. bealaí a sholáthar d’oibrithe chun nochtadh a dhéanamh faoi éagóracha ábhartha agus aiseolas a fháil ar aon bheart arna dhéanamh;
  3. a chinntiú go bhfuil soláthraithe agus cliaint ar an eolas faoina gcuid freagrachtaí;
  4. oibrithe a chur ar a suaimhneas go mbeidh siad cosanta ar dhíoltas as nochtadh a dhéanamh i gcomhréir leis an mbeartas seo agus go dtabharfar cosaint leordhóthanach dá n-aitheantas;
  5. tá sé beartaithe go gclúdófar leis an mbeartas seo gach gné de ghníomhaíochtaí Ard-Mhúsaem na hÉireann lena n-áirítear ár n-oibríochtaí lasmuigh d'Éirinn.

Pearsanra atá freagrach as an mbeartas

  1. Tá freagracht iomlán ar Cheann Oibríochtaí Ard-Mhúsaem na hÉireann as an mbeartas seo. Tabharfar “Bainisteoir um Nochtadh Cosanta” ar an duine sin tríd an mbeartas seo agus d’fhéadfadh sé gurb é an duine a aithnítear mar an “duine ainmnithe” é chun críocha an Achta. Féadfaidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta a chuid nó a cuid dualgas a tharmligean mar is iomchuí leis nó léi.
  2. Is iad seo a leanas sonraí teagmhála an Bhainisteora um Nochtadh Cosanta:
Aoife Hurley
Ceannasaí Oibríochtaí
Ard-Mhúsaem na hÉireann/National Museum of Ireland
Bearaic Uí Choileáin/Collins Barracks
Sr. na Binne Boirbe/Benburb St
Baile Átha Cliath 7/Dublin 7
teil./tel. [01-6486401]
r.phost/email ahurley@museum.ie]
  1. Tá freagracht oibriúcháin laethúil ar an mBainisteoir um Nochtadh Cosanta as an mbeartas seo, agus ní mór dó nó di a chinntiú go gcuirfear oiliúint rialta chuí ar gach bainisteoir agus oibrí eile a d’fhéadfadh a bheith ag déileáil le hábhair imní nó imscrúduithe faoin mbeartas seo.
  2. Tá gach oibrí freagrach as rath an bheartais seo agus ba chóir dóibh a chinntiú go n-úsáidfidh siad é chun aon chontúirt nó éagóir amhrasach a nochtadh.
  3. Mura bhfuil oibrithe sásta leis an dóigh ar déileáladh le hábhar imní, féadfaidh duine a dhéanfaidh nochtadh teagmháil a dhéanamh le [Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann] a fhéadfaidh achomharc a éascú trí aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh sula ndéanfar cinneadh maidir leis an ábhar don achomharc.

Nochtadh cosanta

  1. Déileáiltear sa bheartas seo le nochtadh a bhaineann le ‘héagóracha ábhartha’ arna shainmhíniú sa reachtaíocht agus féachtar leis le hoibrithe a chosaint ar phionósú agus/nó ar dhochar i gcás ina ndéanann siad nochtadh faisnéise a gcreideann sé nó sí go réasúnach a léiríonn éagóir ábhartha agus a thagann chun a n-aird i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair.
Comhfhreagraíonn siad sin do ‘d’Éagóracha Ábhartha’ san Acht (alt 5 fo-ailt 3(a) go (h)) agus go hachomair sainmhínítear iad sin mar:
  1. Cion a rinneadh, atá á dhéanamh nó is dóigh go ndéanfar é;
  2. Gan cloí le hoibleagáidí dlíthiúla nó ar dóigh nach gcloífear leo (seachas ceann a eascraíonn faoi chonradh fostaíochta an oibrí);
  3. Iomrall ceartais a tharla nó ar dóigh go dtarlóidh sé;
  4. Tá sláinte agus sábháilteacht aon duine aonair curtha i mbaol nó is dóigh go gcuirfear i mbaol é;
  5. Rinneadh damáiste don chomhshaol, nó is dóigh go ndéanfar damáiste de;
  6. Úsáid neamhúdaraithe nó mhíchuí (nó úsáid dhóchúil) as cistí poiblí nó acmhainní;
  7. Gníomh nó neamhghníomh atá leatromach, idirdhealaitheach, thar a bheith faillíoch nó ar míbhainistíocht thromchúiseach é;
  8. Sárú ar aon réimse de dhlí an Aontais dá bhforáiltear faoin Acht, le fáil ag: https://www.irishstatutebook.ie/eli/2022/act/27/section/4/enacted/en/html#sec4
  9. Faisnéis ina dtaispeántar scrios nó ceilt iarbhír nó dhóchúil faisnéise a bhaineann le haon cheann díobh sin thuas
  10. Is é is aidhm don bheartas seo cosc a chur ar dhochar do dhaoine eile nó d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ina iomláine. Ní chlúdaítear leis gearáin phearsanta nó casaoidí pearsanta. Tá nósanna imeachta chun déileáil le ceisteanna casaoide sonraithe i Nós Imeachta Casaoidí Ard-Mhúsaem na hÉireann.
  11. Ní bhaineann sé le hábhar má tharla an éagóir dá dtagraítear in Éirinn nó in áit eile.
  12. Ní chlúdaítear leis an mbeartas nochtadh ina gcuireann an t-oibrí faisnéis bhréagach, mhíthreorach, bhaoth nó chráiteach in iúl d’aon turas. Má thagann sé chun solais go ndearna oibrí nochtadh ar eol dó nó di go bhfuil sé bréagach nó nach gcreideann sé nó sí go bhfuil sé fíor, féadfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann beart araíonachta nó beart cuí eile a dhéanamh. Mura bhfuil oibrithe cinnte an bhfuil rud éigin laistigh de raon feidhme an bheartais seo ba chóir dóibh comhairle a iarraidh ón mBainisteoir um Nochtadh Cosanta.

Tuairim réasúnta


Ní gá do dhuine tuairiscithe a bheith cinnte faoi na fíricí ina nochtadh, is leor, i dtuairim réasúnta an duine tuairiscithe, go léirítear leis an bhfaisnéis éagóir ábhartha amháin nó níos mó agus gur cuireadh an fhaisnéis ar aird an duine tuairiscithe i dtaca lena fhostaíocht nó lena fostaíocht. Ní tuairimí réasúnta iad líomhaintí atá bunaithe ar amhras gan bhunús inbhraite. Ní bheidh aon duine tuairiscithe faoi réir iarmhairtí diúltacha a bhaineann le nochtadh cosanta i gcúinsí ina raibh tuairim réasúnta ag an duine tuairiscithe gur léiríodh leis an bhfaisnéis a nochtadh, nó go raibh claonadh inti éagóir a léiriú. Is cion é faoin Acht tuairisc a dhéanamh ina bhfuil faisnéis ar eol don duine tuairiscithe go bhfuil sí bréagach.

Cé atá clúdaithe leis an mbeartas seo?

  1. Tá feidhm ag an mbeartas seo le gach ‘oibrí’ i.e. fostaithe Ard-Mhúsaem na hÉireann ar gach leibhéal, oibrithe gníomhaireachta, daoine faoi oiliúint, oifigigh, comhairleoirí, oibrithe ócáideacha, baill den chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta, iarratasóirí ar phoist, printísigh agus intéirnigh ar shocrúcháin oibre íoctha nó neamhíoctha, daoine féinfhostaithe a ghníomhaíonn ar ár son, oibrithe deonacha agus i gcúinsí áirithe oibrithe cuideachtaí a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí dúinn.
  2. Tá feidhm ag an mbeartas seo maidir le fostaithe reatha agus iarfhostaithe agus le haon fhostaithe nua ón gcéim earcaíochta ar aghaidh.

Ionadaíocht arna déanamh ag ceardchumann


Tá oibrithe i dteideal comhairle a iarraidh ar a gceardchumann faoi fheidhmiú an Achta agus tugtar cosaint dóibh má dhéanann siad amhlaidh. Is féidir le gach oibrí teagmháil a dhéanamh lena cheardchumann nó lena ceardchumann, plé a dhéanamh leis agus go ndéanfaidh sé ionadaíocht dóibh le linn aon chruinniú nó agallamh faoin mbeartas seo.

Bealaí chun nochtadh a dhéanamh

  1. Is í an bhainistíocht líne an gnáthbhealach trínar cheart tuairisc a dhéanamh ar an gcéad dul síos. Féadfaidh daoine aonair imní a ardú i scríbhinn nó ó bhéal/ar an nguthán lena mbainisteoir líne. Má bhraitheann duine aonair nach féidir leis nó léi an cheist a ardú leis an mbainistíocht líne dhíreach, is féidir leis nó léi dul i dteagmháil le ball den Fhoireann Bhainistíochta Shinsearach.
  2. Má chreideann an t-oibrí le réasún go bhfuil cúinsí ann lena gcuirtear bac orthu a imní nó a himní a thuairisciú laistigh de struchtúr na bainistíochta líne, nó do bhall den Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí, is féidir leis an oibrí teagmháil a dhéanamh leis an mBainisteoir um Nochtadh Cosanta.  Ag déanamh amhlaidh, ba cheart don oibrí na cúinsí lena gcuirtear cosc ar an gceist a thuairisciú don bhainistíocht líne ar an gcéad síos a leagan amach go soiléir.
  3. Déantar foráil san Acht do ‘nochtadh cosanta’ a dhéanamh i gcúinsí sainithe, do Dhuine Forordaithe, don Aire, do chomhairleoir dlí, nó do dhaoine eile. Má dhéantar an nochtadh ar bhealach eile seachas d’Ard-Mhúsaem na hÉireann nó duine freagrach eile, duine forordaithe, aire nó comhairleoir dlí, caithfidh go bhfuil tuairim réasúnta ag an oibrí go bhfuil an fhaisnéis fíor tríd is tríd agus go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach in Alt 10(2) (a-c) den Acht comhlíonta.

Ábhar imní a ardú faoin nós imeachta um nochtadh inmheánach

9.1Na Chéad Chéimeanna

  1. Ba cheart nochtadh faoi ‘éagóir ábhartha’ a ardú de ghnáth trí na nósanna imeachta inmheánacha um nochtadh, ach braithfidh sé sin ar thromchúis agus ar íogaireacht na gceisteanna lena mbaineann agus cé an duine a bhfuil amhras faoi nó fúithi maidir leis an éagóir.
  2. Féadfar nochtaí a dhéantar faoi nósanna imeachta inmheánacha Ard-Mhúsaem na hÉireann a dhéanamh ó bhéal nó i scríbhinn chuig Bainisteoir Líne na ndaoine tuairiscithe nó chuig an lucht Bainistíochta Sinsearaí nó, más cuí, chuig an ‘mBainisteoir um Nochtadh Cosanta’.
  3. Is féidir cead a thabhairt do dhaoine tuairiscithe nochtadh ó bhéal ar an gcéad dul síos, agus cumarsáid scríofa a dhéanamh ina dhiaidh sin más gá. I gcás nochtadh ó bhéal, moltar go gcoinneofaí taifead i scríbhinn ar an nochtadh agus aird chuí á tabhairt ar dhualgais rúndachta.
  4. Iarrtar ar dhaoine tuairiscithe ar mian leo nochtadh i scríbhinn a dhéanamh úsáid a bhaint as an bhformáid atá sonraithe ag 9.2 thíos agus cóip den nochtadh agus aon fhaisnéis a cuireadh ar fáil a choinneáil. Níl sé riachtanach an fhormáid sin a leanúint.

9.2Formáid chun Nochtadh Inmheánach a dhéanamh

Ba cheart don duine tuairiscithe an méid seo a leanas a sholáthar:
  1. cur síos a thabhairt ar an ‘éagóir ábhartha’;
  2. aon fhaisnéis lena léirítear éagóir ábhartha a sholáthar chun cuidiú le himscrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna a ardaíodh sa nochtadh;
  3. dáta a chur leis an nochtadh;
  4. do shonraí teagmhála roghnaithe a thabhairt;
  5. a lua go bhfuil an nochtadh á dhéanamh faoin Acht agus a lua má tá / mura bhfuil tú ag súil le rúndacht.
  6. Cé nach mbítear ag súil go gcruthóidh daoine tuairiscithe fírinne na bhfíricí sa nochtadh ní foláir go mbeidh ‘tuairim réasúnta’ acu go bhfuil forais lena n-imní agus nochtadh á dhéanamh ag baint úsáid as an nós imeachta inmheánach.
Rúndacht
  1. Déileálfar le gach ábhar imní faoi rún, mura sonraíonn an t-oibrí go soiléir nach gcuireann sé/sí i gcoinne a (h)ainm a bheith bainteach leis an nochtadh.
  2. Coinneofar nochtaí slán agus i bhfoirm nach gcuireann rúndacht an té a dhéanfaidh an nochtadh i mbaol.  Beidh an fócas ar an bhfaisnéis sa nochtadh i gcónaí seachas ar aitheantas an oibrí a rinne an nochtadh.
  3. Ag an am cuí, áfach, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá aitheantas an duine tuairiscithe a nochtadh más gá sin chun críocha imscrúdaithe agus i gcomhréir le prionsabail an cheartais aiceanta agus nósanna imeachta córa. Cuirfear an duine tuairiscithe ar an eolas roimh ré faoi aon chinneadh maidir leis an bhfaisnéis a nochtadh, rud a thaispeánfaidh a aitheantas nó a haitheantas. Déanfaidh duine nach raibh páirteach sa phróiseas go dtí sin athbhreithniú ar an gcinneadh maidir le haitheantas an duine tuairiscithe a nochtadh.

10.4AN FÉIDIR NOCHTADH A DHÉANAMH GAN AINM?

Ní mholann Ard-Mhúsaem na hÉireann nochtaí agus/nó tuairiscí gan ainm. Féadfaidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta a rogha féin a fheidhmiú, gan glacadh le tuairisc gan ainm agus/nó gan tuairisc gan ainm a fhiosrú, murar cuí déanamh amhlaidh sna cúinsí. D’fhéadfadh sé go mbeadh imscrúdú ceart níos deacra nó dodhéanta mura féidir leis an mBainisteoir um Nochtadh Cosanta faisnéis a fháil ó oibrí atá riachtanach chun imscrúdú cothrom cuimsitheach a dhéanamh. Oibrithe ar mian leo a n-imní a nochtadh faoin mbeartas seo ach a bhfuil imní orthu faoi dhíoltas féideartha má nochtar a n-aitheantas, ba cheart dóibh dul ar aghaidh chuig an mBainisteoir um Nochtadh Cosanta agus is féidir bearta cuí a mheas ansin maidir le rúndacht a chaomhnú más féidir agus nuair is féidir.

Conas a freagróidh arh-mhúsaem na hÉireann?

  1. Admhóidh Ard-Mhúsaem na hÉireann i scríbhinn don duine tuairiscithe go bhfuarthas gach tuairisc a rinneadh tríd an mbealach inmheánach laistigh de sheacht lá i ndiaidh an tuairisc a fháil.
  2. Déanfaidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta measúnú tosaigh lena chinneadh an bhfuil fianaise ann go bhféadfadh sé gur tharla éagóir ábhartha. Má shuitear nach bhfuil aon fhianaise ann go bhféadfadh sé gur tharla éagóir ábhartha, féadfaidh an Bainisteoir Nochtadh Cosanta an t-imscrúdú a dhúnadh. Má chinneann an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta, i ndiaidh dó nó di measúnú tosaigh a dhéanamh, áfach, go bhfuil fianaise ann go bhféadfadh sé gur tharla éagóir ábhartha, déanfar raon feidhme agus téarmaí tagartha aon chéad chéimeanna eile lena n-áirítear imscrúdú a gcinnfeadh an Bainisteoir Nochtadh Cosanta é a dhéanamh a chinneadh de réir mar is iomchuí
  3. Le linn an phróisis scagtha d’fhéadfadh sé go n-éireodh sé soiléir go mbaineann gearán fostaíochta pearsanta leis an bhfaisnéis a soláthraíodh. Más amhlaidh an cás, féadfar nósanna imeachta ar leith a ghlacadh chun an gearán fostaíochta pearsanta a imscrúdú. Má mheastar gur gearán fostaíochta pearsanta amháin é an nochtadh, spreagfar an t-oibrí úsáid a bhaint as próisis eile atá i bhfeidhm ionas go ndéileálfar leis an ngearán mar is cuí.
  4. I bhfianaise thromchúis na líomhaintí, féadfar nochtaí a tharchur láithreach chuig na húdaráis iomchuí. Mar an gcéanna, má tá gá le beart práinneach a dhéanamh (mar shampla chun guais sláinte agus sábháilteachta a bhaint), déanfar é sin sula ndéanfar aon imscrúdú eile.
  5. Chun aon daoine aonair a chúisítear as ‘éagóir ábhartha’ a chosaint, déanfar fiosrú tosaigh lena chinneadh cé acu an bhfuil imscrúdú neamhfhoirmiúil nó imscrúdú foirmiúil oiriúnach agus, má tá, cén cineál ba cheart a dhéanamh. I gcásanna ina gcinneann an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta imscrúdú a dhéanamh, féadfaidh sé/sí imscrúdaitheoir nó foireann imscrúdaitheoirí a cheapadh, lena n-áirítear oibrithe a bhfuil taithí ábhartha imscrúduithe nó saineolas acu ar an ábhar chun tuairisc a thabhairt ar a n-imscrúdú. Seolfar tuairisc an imscrúdaitheora chuig comhalta ainmnithe den lucht bainistíochta sinsearaí a shocróidh cén beart, más theastaíonn beart, a dhéanfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann. D’fhéadfadh go n-áireofaí le gníomh den sórt sin athruithe ar an dóigh a ndéanann Ard-Mhúsaem a chuid oibríochtaí, gníomh araíonachta (i ndiaidh an nós imeachta araíonachta a chur i bhfeidhm) nó atreorú chuig tríú páirtí cuí mar a luaitear thíos.
  6. Más iomchuí, maidir leis na ceisteanna a ardaítear sa nochtadh:
    1. féadfaidh an lucht bainistíochta, an t-iniúchóir inmheánach iad a imscrúdú, nó iad a chur ar aghaidh chuig an iniúchóir seachtrach;
    2. féadfar iad a chur ar aghaidh ag an nGarda Síochána;
    3. féadfar ad a chur ar aghaidh chuig gníomhaireacht nó rialtóir forfheidhmithe seachtrach;
    4. féadfar ábhar a dhéanamh díobh d’fhiosrú neamhspleách (tríú páirtí);
    5. féadfar déileáil leo de réir Nósanna Imeachta Ard-Mhúsaem na hÉireann maidir le Dínit san Ionad Oibre, Gearán agus Araíonacht.
  7. Faoi cheann seacht lá i ndiaidh imní a ardú, scríobhfaidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta chuig an oibrí a rinne an tuairisc (nuair is eol é sin):
    1. ina n-admhófar go bhfuarthas an imní;
    2. ina gcuirfear in iúl i bhfoirm achomair mar atá sé beartaithe ag an eagraíocht déileáil leis an gceist;
    3. ina dtabharfar meastachán ar cé chomh fada a ghlacfaidh sé an chéad fhreagra eile a sholáthar; nó
    4. ina dtabharfar neas-dáta faoina bhfaighidh an duine a bheidh an nochtadh á dhéanamh aige nó aici an chumarsáid deiridh;
    5. nó ina leagfar amach an fáth nach ndéanfar aon imscrúdú.
  8. Cuimseofar sa chumarsáid faisnéis faoi shásraí tacaíochta foirne lena n-áirítear an ceart go ndéanfaí ceardchumann an duine aonair ionadaíocht dó nó di.
  9. Braithfidh an méid teagmhála a dhéanfar idir an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta (nó an duine a oibríonn ar a shon nó ar a son) agus an duine tuairiscithe le linn na n-imscrúduithe ar chineál na gceisteanna a ardaíodh, na ceisteanna a d’fhéadfadh a bheith i gceist agus soiléireacht na faisnéise arna soláthar sa tuairisc.
  10. Cinnteoidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta go mbeidh a fhios ag an duine tuairiscithe go bhfuil an cheist á breithniú go gníomhach agus soláthróidh sé nó sí ráiteas deiridh dó nó di ina dtabharfar achoimre ar an dóigh ar déileáladh leis na hábhair imní a ardaíodh sa nochtadh agus cén beart a rinneadh chun an éagóir a chur ina ceart.
  11. I gcúinsí nach dtagtar ar an gconclúid in imscrúdú gur tharla aon éagóir ábhartha nó i gcás go ndearna an duine tuairiscithe a bhfuil an nochtadh á dhéanamh aige nó aici botún nó nach bhfuil na fíricí ar fad a bhaineann leis na ceisteanna a ardaíodh ar eolas aige nó aici, glacfaidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta an deis sa ráiteas deiridh a mhíniú nach bhfuil aon bhunús leis na hábhair imní.
  12. Coinneoidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta taifead ar gach imní a ardaíodh agus gach tuairisc a fuarthas mar aon le nótaí an imscrúdaithe agus an toraidh, ar bhealach slán nach gcuirfidh rúndacht oibrithe i mbaol nó nach ndéanfaidh dochar do chlú nó do thaifid fostaíochta an oibrí i gcás nochtaí míchruinne.
  13. Tuairisceoidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta de réir mar is gá do Bhord Ard-Mhúsaem na hÉireann agus soláthróidh sé nó sí taifead ar líon agus ar chineál na nochtaí a fuarthas, na bearta a rinneadh, aon sáruithe ar rúndacht nó ar phionósú agus na bearta a rinneadh chun iad sin a leigheas agus ráiteas ar fheasacht agus oiliúint maidir leis an mbeartas.
  14. Tabharfaidh an Bainisteoir um Nochtadh Cosanta aiseolas don duine tuairiscithe tráth nach déanaí ná trí (3) mhí (nó ag eatraimh (3) mhí in imscrúduithe casta), i ndiaidh dó nó di an admháil tosaigh a eisiúint. I gcúinsí inar dócha nach mbeidh Ard-Mhúsaem na hÉireann ábalta aiseolas a thabhairt laistigh de thrí (3) mhí, ba cheart d’Ard-Mhúsaem na hÉireann fógra i scríbhinn a thabhairt don duine tuairiscithe a luaithe is féidir. Cé go ndéanfaidh Ard-Mhúsaem a dhícheall cloí leis na hachair ama sin, mura féidir leis é sin a dhéanamh le réasún, cuirfidh sé an duine tuairiscithe ar an eolas faoi aon athbhreithniú a dhéanfar orthu.
  15. Ba cheart d’oibrithe déileáil le haon fhaisnéis faoin imscrúdú mar fhaisnéis rúnda.

Ábhar imní a ardú go seachtrach

  1. Is é is aidhm don bheartas seo sásra inmheánach a sholáthar chun aon éagóir san ionad oibre a thuairisciú, a imscrúdú agus a leigheas. I bhformhór na gcásanna níor cheart go mbeadh ar an duine tuairiscithe rabhadh a thabhairt d’aon duine go seachtrach.
  2. Aithnítear leis an dlí go bhféadfadh sé a bheith cuí, i gcásanna áirithe, don duine tuairiscithe d’ábhair imní a thuairisciú do chomhlacht seachtrach amhail duine forordaithe (mar rialtóir) nó don Choimisinéir um Nochtadh Cosanta (laistigh d’Oifig an Ombudsman). Is annamh a bheidh sé cuí, má bhíonn choíche, na meáin a chur ar an eolas agus go ginearálta níor cheart don duine tuairiscithe é sin a dhéanamh ach mar rogha dheiridh.  Toisc go bhfuil forálacha sonracha infheidhme maidir le nochtadh seachtrach, molann Ard-Mhúsaem na hÉireann go mór don duine tuairiscithe comhairle a iarraidh sula dtuairisceoidh sé nó sí ábhar imní go seachtrach agus ba cheart don duine tuairiscithe teagmháil a dhéanamh lena bhainisteoir nó lena bainisteoir líne nó leis an mBainisteoir um Nochtadh Cosanta chun treoir a fháil. 
  3. Is gnách go mbaineann ábhair imní sceithireachta le hiompar oibrithe, ach d’fhéadfadh baint a bheith acu corruair le gníomhartha tríú páirtí, amhail custaiméir, soláthróir nó soláthraí seirbhíse. I gcásanna áirithe féadfar an duine tuairiscithe a chosaint faoin dlí má ardaíonn sé nó sí an cheist go díreach leis an tríú páirtí. Mar sin féin, molann Ard-Mhúsaem na hÉireann don duine tuairiscithe ábhair imní dá leithéid a thuairisciú go hinmheánach ar dtús. Ba cheart don duine tuairiscithe teagmháil a dhéanamh le do bhainisteoir líne díreach nó leis an mBainisteoir um Nochtadh Cosanta maidir leis sin, 

Nochtadh a dhéanamh do dhuine forordaithe

  1. Déantar foráil san Acht maidir le tuairisciú seachtrach faoi éagóir d’údaráis chuí sna cásanna seo a leanas:
    1. creideann an t-oibrí le réasún go bhfuil an fhaisnéis a nochtar agus aon líomhaintí atá ann fíor agus
    2. Is féidir le duine tuairiscithe nochtadh cosanta a dhéanamh do dhuine forordaithe má chreideann an duine tuairiscithe le réasún go dtagann an éagóir iomchuí laistigh den chur síos ar chúrsaí a bhfuil an duine forordaithe forordaithe ina leith. Soláthraítear ceanglas breise san Acht sa chás sin freisin, áfach, sa mhéid is go gcaithfidh an duine tuairiscithe a chreidiúint le réasún go bhfuil an fhaisnéis arna nochtadh, agus aon líomhain atá inti, fíor tríd is tríd.
  2. Tá liosta agus sonraí teagmhála na ‘Daoine Forordaithe’ éagsúla ar fáil ag: https://www.gov.ie/prescribed-persons
  3. Ceapfaidh an ‘Duine Forordaithe’ duine nó daoine ainmnithe neamhchlaonta. Ní mór don duine ainmnithe sin a bheith freagrach as faisnéis a sholáthar maidir le nochtadh seachtrach a dhéanamh, tuairiscí a ghlacadh agus obair leantach a dhéanamh ina leith, cumarsáid a choinneáil leis an duine tuairiscithe agus nuair is gá, tuilleadh faisnéise a iarraidh ón duine tuairiscithe agus aiseolas a sholáthar dó nó di.
  4. Foilseoidh gach duine forordaithe ar shuíomh gréasáin sonraí a bhaineann le nochtadh cosanta a dhéanamh don duine forordaithe.

Formáid chun nochtadh a dhéanamh do dhuine forordaithe

  1. Luaigh go bhfuil an nochtadh á dhéanamh agat faoi Alt 7 den Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022.
  2. Déan cur síos ar an ‘éagóir ábhartha’ agus an fáth a dtagann sé laistigh de réimse freagrachta an Duine Forordaithe.
  3. Aon chóipeanna d’fhaisnéis lena léirítear éagóir ábhartha a sholáthar chun cuidiú le himscrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna a ardaíodh sa nochtadh.
  4. Cuir isteach aon fhaisnéis a bhaineann leis an ábhar imní a d’ardaigh (nó nár ardaigh) tú faoin nós imeachta inmheánach.
  5. Cuir dáta leis an nochtadh.
  6. Tabhairt do shonraí teagmhála roghnaithe.
  7. Bíodh sé soiléir agat go bhfuil tú ag súil le rúndacht.
  8. Cé nach mbítear ag súil go gcruthóidh na hoibrithe fírinne na bhfíricí sa nochtadh, ní mór go mbeidh ‘tuairim réasúnta’ acu go bhfuil an fhaisnéis agus aon líomhain fíor tríd is tríd - tá sé sin ar chaighdeán beagán níos airde ná nuair a dhéantar an nochtadh inmheánach.

Ábhair imní a ardú go seachtrach don aire

  1. Foráiltear leis an Acht do thuairisciú seachtrach don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta agus Spóirt.
  2. Chun nochtadh a dhéanamh don Aire ábhartha, ní mór don oibrí a chreidiúint le réasún go léiríonn an fhaisnéis a nochtar éagóir ábhartha amháin nó níos mó; agus ní mór feidhm a bheith ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
    1. Rinne an t-oibrí nochtadh roimhe sin maidir leis an bhfaisnéis chéanna tríd is tríd dá fhostóir nó dá fostóir, do dhuine freagrach eile, do dhuine forordaithe, nó d’Aire ábhartha, de réir mar a bheidh, ach níor soláthraíodh aon aiseolas don oibrí mar fhreagra ar an nochtadh laistigh den tréimhse cheadaithe, nó, i gcás inar soláthraíodh aiseolas, go gcreideann an duine tuairiscithe le réasún nach ndearnadh aon beart leantach nó nach ndearnadh beart leantach leordhóthanach;
    2. Creideann an t-oibrí le réasún go bhfuil ceann an chomhlachta phoiblí lena mbaineann comhpháirteach san éagóir ábhartha a tuairiscíodh;
    3. Creideann an t-oibrí le réasún go bhfuil faisnéis sa nochtadh faoi éagóir ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ina chontúirt láithreach nó fhollasach do leas an phobail, amhail éigeandáil nó an baol go ndéanfar damáiste dochúlaithe.
  3. Lena chinntiú go mbeidh an tAire ar an eolas faoi rún an oibrí, moltar don oibrí a shonrú agus nochtadh á dhéanamh aige nó aici faoin mbealach seo gur nochtadh don Aire é faoi alt 8 den Acht. Ceanglaítear ar na hAirí nochtaí a fhaigheann Airí a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir.

Ábhair imní a ardú go seachtrach don choimisinéir um nochtadh cosanta

  1. Cruthaíodh leis an Acht Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta.
  2. Is é príomhdhualgas an Choimisinéara aon tuairiscí a gheofar faoin Acht a chur ar aghaidh chuig an duine forordaithe is oiriúnaí (nó duine oiriúnach eile, mura féidir duine forordaithe a aithint). Is mar rogha dheiridh amháin ar cheart don Choimisinéir fiosrú díreach a dhéanamh maidir le tuairisc.
  3. Féadfaidh an Coimisinéir nochtaí a fháil trí bhealaí tuairiscithe seachtracha, nach mór dóibh na critéir chéanna a chomhlíonadh agus a chomhlíonann na bealaí tuairiscithe seachtracha do dhaoine forordaithe. Féadfaidh an Coimisinéir nochtaí a fháil freisin ar tarchuireadh iad ar aghaidh ó Airí Rialtais.
  4. Nuair a fhaigheann an Coimisinéir tuairisc, laistigh de 14 lá féilire (nó tréimhse níos faide mar a mheastar a bheith réasúnta mar gheall ar chineál agus ar chastacht na tuairisce) ní mór don Choimisinéir an duine forordaithe is cuí leis an gCoimisinéir a shainaithint agus an tuarascáil a tharchur chucu.
  5. Foilseoidh an Coimisinéir ar shuíomh gréasáin sonraí a bhaineann le nochtadh cosanta a dhéanamh don duine forordaithe.

Oibrithe lasmuigh ard-mhúsaem na hÉireann a thuairiscíonn ábhair imní tríd an nós imeachta inmheánach

  1. Is féidir le hoibrithe lasmuigh d’Ard-Mhúsaem na hÉireann a oibríonn dár gcliaint nó soláthraithe a thagann ar an eolas faoi éagóir ábhartha mar chuid dá gcuid oibre linn nó dúinn tuairisc a thabhairt don ‘Bainisteoir um Nochtadh Cosanta’ maidir le héagóir ábhartha.
  2. Moltar d’oibrithe lasmuigh den fhiontar a bheidh nochtadh den sórt sin á dhéanamh aige nó aici an fhormáid chéanna a úsáideann ár n-oibrithe a úsáid agus a léiriú an bhfuil siad sásta páirt a ghlacadh in aon imscrúdú a d’fhéadfaí a dhéanamh mar fhreagra ar an nochtadh.

Líomhaintí gan bhunús

  1. Má dhéanann oibrí tuairisc de réir an bheartais seo, ach nach ndeimhnítear an fhaisnéis nó an líomhain ina dhiaidh sin leis an imscrúdú, ní dhéanfar aon ghníomh i gcoinne an duine a rinne an nochtadh. Tabharfar cosaint iomlán dóibh ar aon chóireáil níos lú fabhrach, ar phionósú nó ar íospairt.
  2. Níl cúis an duine a bheidh an nochtadh a bheidh an nochtadh á dhéanamh aige nó aici ábhartha ach má dhéanann fostaí de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann líomhain le drochrún, arb eol go bhfuil sé bréagach, féadfar gníomh araíonachta a ghlacadh i gcoinne an fhostaí sin. Is cion é faoi Acht 2022 tuairisc a dhéanamh ina bhfuil faisnéis ar eol don duine tuairiscithe go bhfuil sí bréagach. 

Oibrí atá ina ábhar nó ina hÁbhar do nochtadh

  1. Beidh oibrí atá ina ábhar nó ina hábhar do nochtadh i dteideal cóir chomhionann. Agus imscrúdú ar siúl, déanfar gach beart réasúnta chun rúndacht na ndaoine sin is ábhar do líomhaintí i nochtadh cosanta a chosaint ar feitheamh thoradh an imscrúdaithe. I gcásanna áirithe, nuair is eol fíricí an imscrúdaithe go forleathan, d’fhéadfadh go mbeadh ráiteas um shaoradh i gceist le conclúid an imscrúdaithe.

Cosaint ar phionósú

  1. Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann tiomanta do dhea-chleachtas agus d'ardchaighdeáin agus is mian linn tacú le hoibrithe a dhéanann nochtadh faoin mbeartas seo agus iad a chosaint. Ní ghlacfar le brú díreach nó indíreach ar oibrithe gan nochtadh a dhéanamh nó nochtadh a dhéanamh a thagann salach ar an mbeartas seo.
  2. Admhaíonn Ard-Mhúsaem na hÉireann gur féidir pionós a ghearradh ar go leor bealaí; is féidir le pionósú díreach agus indíreach a bheith i gceist leis agus féadfaidh comhoibrithe, an lucht bainistíochta nó na daoine a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí dúinn agus dár gcustaiméirí agus dár gcliaint a bheith freagrach as.
  3. I measc na samplaí de phionósú tá aon chóir éagórach nó cóir dhiúltach (trí ghníomh nó trí fhaillí) as a dtagann aon athrú neamhfhabhrach ar a gcoinníollacha fostaíochta lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta dóibh) iad seo a leanas:
    1. fionraí, briseadh as an bpost nó dífhostú (lena n-áirítear dífhostú de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach), nó bagairt fionraí, briseadh as an bpost nó dífhostaithe;
    2. ísliú céime nó deiseanna maidir le hardú céime a chailleadh;
    3. aistriú dualgas, athrú ar shuíomh na háite oibre, laghdú pá nó athrú ar uaireanta oibre;
    4. aon smacht, iomardú nó pionós eile a fhorchur (lena n-áirítear pionós airgeadais);
    5. cóir neamhionann faoi bheartais um shaoire bhreoiteachta nó araíonacht, roghnú éagórach le haghaidh cúraimí nó freastal ar imeachtaí;
    6. comhéigean, imeaglú, leithcheal, míbhuntáiste nó cóir éagórach,
    7. díobháil, damáiste nó cailliúint;
    8. bagairt díoltais;
    9. ciapadh briathartha - jócanna, tráchtanna, magadh nó amhráin;
    10. ciapadh scríofa - lena n-áirítear facsanna, teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist, tráchtanna nó postálacha ar na meáin shóisialta;
    11. ciapadh coirp - bualadh ina n-éadan, soncáil nó ionsaí de chineál ar bith;
    12. ciapadh bagrach - daoine a bheith ag déanamh comhartha nó a bheith ag cur gothaí orthu féin nó a bheith bagrach;
    13. aonrú nó eisiamh ó ghníomhaíochtaí sóisialta;
    14. bulaíocht.
    15. oiliúint a choinneáil siar,
    16. measúnú feidhmíochta diúltach nó tagairt fostaíochta dhiúltach
    17. gan bheith ábalta conradh buan a dhéanamh de chonradh fostaíochta sealadach, i gcás ina raibh ionchas dlisteanach ag an bhfostaí go dtairgfí fostaíocht bhuan dó nó di;
    18. gan bheith ábalta conradh fostaíochta sealadach a athnuachan nó cuireadh deireadh leis go luath;
    19. dochar, lena n-áirítear do chlú an duine tuairiscithe, go háirithe ar na meáin shóisialta, nó caillteanas airgeadais, lena n-áirítear caillteanas gnó agus caillteanas ioncaim;
    20. é nó í a chur ar an liosta dubh ar bhonn comhaontú neamhfhoirmiúil nó foirmiúil ar fud na hearnála nó ar fud an tionscail, rud a bhféadfadh a bheith mar thoradh air nach bhfaighidh an duine fostaíocht san earnáil nó sa tionscal amach anseo;
    21. deireadh luath le conradh haghaidh earraí nó seirbhísí nó é a chur ar ceal;
    22. ceadúnas nó cead a chur ar ceal; nó
    23. atreoruithe síciatracha nó leighis
  4. Ní ghearrfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann pionós ar an oibrí as nochtadh cosanta a dhéanamh ná ní dhéanfaidh sé bagairt déanamh amhlaidh. Ní cheadóidh Ard-Mhúsaem na hÉireann d’aon duine eile pionós a ghearradh nó bagairt a dhéanamh pionós a ghearradh (lena n-áirítear brú neamhfhoirmiúil) as nochtadh a dhéanamh de réir an bheartais seo.
  5. Déanfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann beart iomchuí chun aon phionós nó sárú ar rúndacht oibrithe a chosc agus a leigheas nuair a dhéanann siad:
    1. éagóir ábhartha a thuairisciú nó má tá amhras fúthu go ndearna sé nó sí tuairisc ar éagóir ábhartha,
    2. nó faisnéis a sholáthar nó gníomhú mar fhinné mar chuid d’imscrúdú faoin mbeartas seo;
    3. sásamh a lorg faoi fhorálacha an Achta;
    4. nó go bhfuil sé nó sí páirteach seachas sin i ngníomhaíochtaí faoin mbeartas seo.
  6. Síneann na cosaintí sin thar an ionad oibre, mar shampla chuig comhdhálacha agus oiliúint a dhéantar lasmuigh den ionad oibre agus chuig imeachtaí sóisialta a bhaineann leis an obair.
  7. Ní ghlacfar le pionósú nó bagairtí pionósaithe ó bhaill foirne. D’fhéadfadh iompar den sórt sin a bheith ina mhí-iompar agus d’fhéadfadh gníomh araíonachta suas le dífhostú agus dífhostú san áireamh a bheith mar thoradh air.
  8. Ní ghlacfar le pionósú nó bagairt pionósaithe ar ár n-oibrithe ó sholáthróirí, ó chliaint agus ó dhaoine eile a ndéanaimid gnó leo agus d’fhéadfadh foirceannadh conarthaí nó fionraí seirbhísí, nó eisiamh ó áitreabh Ard-Mhúsaem na hÉireann nó smachtbhannaí eile a bheith mar thoradh air sin.

Nós imeachta gearán maidir le cás um pionósú

  1. Is féidir gearán faoi phionósú nó sárú rúndachta faoin mbeartas seo a dhéanamh faoi Bheartas Gearán Ard-Mhúsaem na hÉireann.
  2. Ba chóir cóip den ghearán faoi phionósú a chur faoi bhráid an Bhainisteora um Nochtadh Cosanta.
  3. Is féidir le fostaithe gearán faoi Phionósú a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, faoin Acht leis de réir Sceideal 2 den Acht.

Taifid

  1. Coinneoidh Stiúrthóireacht Ard-Mhúsaem na hÉireann taifid ar ábhair imní arna n-ardú, lena n-áirítear an toradh, ar feadh cúig bliana ar a laghad i ndiaidh dhúnadh an cháis.
  2. Coinneofar na taifid sin i dtimpeallacht shlán faoi rún.
  3. Áireofar tuarascáil achomair ar gach nochtadh cosanta i dTuarascáil Bhliantúil Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Cumarsáid, monatóireacht agus athbhreithniú

  1. Cuirfear an beartas seo in iúl do gach oibrí agus gach ball agus do dhaoine eile a ndéanaimid gnó leo.
  2. Déanfar monatóireacht ar éifeachtacht an bheartais seo agus cuirfear faoi bhráid an lucht bainistíochta/ceardchumainn é ar aon nós gach dhá bhliain lena athbhreithniú go comhpháirteach.
  3. Déanfar an beartas a athbhreithniú ag eatraimh dhá bhliain ar a laghad nó nuair a éileoidh Bord Ard-Mhúsaem na hÉireann é.
  4. Cé nach féidir leis an Ard-Mhúsaem ráthaíocht a thabhairt i gcónaí faoin toradh a bheidh á lorg ag oibrithe, déanfaidh sé iarracht déileáil go cothrom agus go cuí le hábhair imní. Trí úsáid a bhaint as an mbeartas seo, is féidir le hoibrithe cuidiú le hArd-Mhúsaem na hÉireann é sin a bhaint amach.

 
Aguisín A
Pointí Teagmhála agus Comhairle
 
An tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022
Liosta Daoine Forordaithe https://www.gov.ie/prescribed-persons
Cóip den Chód Cleachtais: Nósanna Imeachta Gasaoide agus Araíonachta
Seirbhís Caidrimh san Áit Oibre- http://www.workplacerelations.ie/en/
Comhdháil na gCeardchumann - http://www.ictu.ie/
Transparency International - http://transparency.ie/

 
Aguisín B
Treoir do Bhainisteoirí Ard-Mhúsaem na hÉireann chun déileáil le nochtadh
 
Ní mór caitheamh go dáiríre le gach nochtadh a thuairiscítear faoi éagóir braite san ionad oibre.
Ba cheart don bhainisteoir dá nochtar ábhar imní an méid seo a leanas a dhéanamh:
  1. An nochtadh agus bearta a rinneadh chun déileáil leis a thaifeadadh.
  2. Bunús na n-ábhar imní a ardaíodh leis an oibrí a shoiléiriú.
  3. An fhianaise atá ar fáil chun tacú leis an ábhar imní a shuí.
  4. Aon leas pearsanta a d’fhéadfadh a bheith ag an oibrí sa cheist lena mbaineann a chur san áireamh.
  5. Measúnú riosca a dhéanamh ar an gceist agus gníomh a dhéanamh láithreach má bhíonn caillteanas tromchúiseach nó contúirt do dhaoine eile i gceist leis an éagóir líomhnaithe.
  6. Fiosrúcháin ábhartha a dhéanamh go pras, go híogair agus go discréideach, ag glacadh gach beart réasúnta chun aitheantas an te a rinne an nochtadh a chosaint.
  7. Más gá aitheantas an oibrí a nochtadh chun fiosrúchán éifeachtach a dhéanamh, téigh i gcomhairle leis an oibrí.
  8. Fianaise a fháil ó aon fhinnéithe ábhartha.
  9. Measúnú a dhéanamh an bhfuil an tuairisc um nochtadh bunaithe ar thuairim réasúnta ach nach bhfuil bunús leis, bunaithe ar thuairim réasúnta agus ar thuairisc a bhfuil bunús leis nó ar thuairisc atá bréagach d’aon ghnó.
  10. Gníomh cuí a dhéanamh má tá bunús leis an nochtadh.
  11. Má tá an nochtadh bréagach d’aon ghnó, smaoinigh ar ghníomh faoi Chód Araíonachta Ard-Mhúsaem na hÉireann.
  12. Tabhair aiseolas i scríbhinn don oibrí laistigh de 20 lá, lena n-áirítear aon ghníomh molta.
  13. Tuairiscigh an toradh agus cuir na taifid go léir ar aghaidh chuig an Stiúrthóir, Ard-Mhúsaem na hÉireann.
 

 
Aguisín C
Sreabhadh Oibre an Phróisis Tuairiscithe Inmheánaigh
 
Sa léaráid seo a leanas, tugtar achoimre ar shaolré na nochtaí laistigh d’Ard-Mhúsaem na hÉireann ón am a rinneadh an tuairisc, tríd an gcéim mheasúnaithe lena fháil amach an raibh bunús leis an tuairisc agus an gníomh ina dhiaidh sin.
 
 
 
 
 
 
Tuairisc a Rinneadh

 
 
 
 
 
 
Measúnú
 
 
 

 
   
 
Tuairisc bunaithe ar Thuairim Réasúnta ach gan bhunús
 
 
 
 
 

 
 
Tuairisc atá Bréagach d’aon ghnó
 
 
Dúnta
 
 
 
 
 

 
Ábhair imní ar déileáladh leo faoin mbeartas ábhartha
Aiseolas don té a rinne an tuairisc agus ansin tugadh aghaidh air faoin gcód araíonachta
 
Aiseolas don don té a rinne an tuairisc
 
 
 
 
   

 
 


Cláraigh dár nuachtlitir

Coinnigh suas chun dáta

Receive updates on the latest exhibitions