Skip to content

Cuardaigh Focal Sheasuracha

Pictiúr de dhíoráma d’fhine sionnach ag NMI- Stair an Dúlra

Bain triail as ár gCuardaigh Focal Shéasúracha as Gaeilge!

Do pháistí idir 7-12 bliana d’aois go háirithe an ghníomhaíocht seo agus tá sí nasctha le Curaclam Eolaíochta OSIE. Is féidir é seo a líonadh isteach sa bhaile, mar ghníomhaíocht teaghlaigh, nó is féidir le múinteoirí agus le daltaí bunscoile é a dhéanamh.


Cuardach Focal: Comharthaí an Earraigh

Tá an t-earrach chugainn agus bíonn an dúlra ar fad gnóthach – ag tógáil neadacha, ag tabhairt aire d’ainmhithe agus d’éin óga nó ag cuardach bia tar éis codladh fada an gheimhridh.

Íoslódáil agus priontáil an cuardach focal seo agus bíodh spraoi agat ag teacht ar raon focal a bhaineann le hainmhithe a d’fhéadfá a fheiceáil nó a chloisteáil san earrach in Éirinn. Faigh amach cad a d’ith na sionnaigh óga le haghaidh an dinnéir!  

Cuardach Focal: Comhathaí an Earraigh (0.50 MB, Adobe PDF)

Cuardach Focal: Radhairc an tSamraidh

Tá an samhradh chugainn agus is breá linn go léir bogadh timpeall san aimsir bhreá! In Ard-Mhúsaem na hÉireann - Stair an Dúlra tá go leor ainmhithe ar taispeáint a bhíonn le feiceáil an t-am ar fad i gcaitheamh an tsamhraidh in Éirinn.

Íoslódáil agus priontáil an cuardach focal seo agus bíodh spraoi agat ag aimsiú raon focal a bhaineann le hainmhithe a d’fhéadfá a fheiceáil nó a chloisteáil i rith an tsamhraidh in Éirinn. Faigh amach tuilleadh faoi féileacáin in Éirinn.

Cuardach Focal: Radhairc an tSamraidh (0.44 MB, Adobe PDF)

Cuardach Focal: Teacht an Fhómhair

Tá an fómhar tagtha agus tá na hainmhithe ag ullmhú do laethanta níos fuaire amach anseo, ag bogadh thart ar thóir bia.

Íoslódáil agus priontáil an cuardach focal seo agus bíodh spraoi agat ag aimsiú raon focal a bhaineann le hainmhithe a d’fhéadfá a fheiceáil nó a chloisteáil i rith an fhómhair in Éirinn. Faigh amach tuilleadh faoi imirce éan in Éirinn.

Cuardach Focal: Teacht an Fhómhair (0.42 MB, Adobe PDF)

Cuardach Focal: Iontais an Gheimhridh

An geimhreadh atá ann agus tá ainmhithe go leor ina gcodladh nó ag déanamh codladh an gheimhridh - an tslí is fearr leis an aimsir fhuar a sheachaint.

Íoslódáil agus priontáil an cuardach focal seo agus bíodh spraoi agat ag teacht ar na focail go léir a bhaineann le hainmhithe a bhíonn le feiceáil nó le cloisteáil i rith an gheimhridh in Éirinn. Faigh amach níos mó faoi ainmhithe a dhéanann codladh an gheimhridh in Éirinn.

Cuardach Focal: Iontais an Gheimhridh (0.38 MB, Adobe PDF)

Sign up to our newsletter

Keep up to date

Receive updates on the latest exhibitions

Natural History

Natural History,
Merrion Street,
Dublin 2,
D02 F627

+353 1 677 7444